Ard-Stiúrthóir
- 98-100, boulevard Konrad Adenauer
- L-2950 Luxembourg
- Luxemburg
Curriculum Vitae
Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.
Tá céim san Eacnamaíocht agus san Airgeadas ag Luca Lazzaroli ó Ollscoil na Róimhe “La Sapienza”, áit ar thug sé faoina chuid staidéir iarchéime chomh maith tar éis dó seal a chaitheamh in Ollscoil Georgetown in Washington, DC. Is Cuntasóir Cairte é (Revisore Contabile agus Dottore Commercialista).
Chaith sé na chéad cheithre bliana dá shaol gairmiúil ag obair le Chase Manhattan Bank i Milano agus i Londain. Bhí sé ina oifigeach creidmheasa ar an gcéad dul síos agus ansin chuaigh sé isteach san fhoireann airgeadais chorparáidigh.
Thosaigh sé leis an mBanc Eorpach Infheistíochta in 1992 sa Rannóg Riosca Creidmheasa, áit ar dhírigh sé ar oibríochtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí agus ar oibríochtaí maoinithe tionscadal. D’aistrigh sé ina dhiaidh sin go Roinn Oibriúcháin na hIodáile (fuinneamh, teileachumarsáid agus bonneagar) sa Róimh, agus sa dara leath de 2000, thosaigh sé ag obair do Thascfhórsa nuabhunaithe CPP na hIodáile mar Cheann an Aonaid Airgeadais. Ar ais leis an BEI i Lucsamburg a bhí sé idir 2001 agus 2006, áit ar chaith sé seal ar dtús i Rannóg Oibriúcháin Benelux mar an Leascheann Rannóige a bhí i gceannas ar oibríochtaí nua sa Bheilg, i Lucsamburg agus san Ísiltír. Ansin in 2006 ceapadh ina Cheann Rannóige é, áit a raibh sé i gceannas ar iasachtaí a thabhairt do thionscadail bhonneagair agus do chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí sa Spáinn. I mí na Bealtaine 2011 rinneadh Ceann Rannóg Iasachta Oirdheisceart na hEorpa de (a dhéanann plé leis an Rómáin, an Bhulgáir, an Ghréig, an Tuirc agus an Chipir).
I mí Aibreáin 2014 ceapadh ina Leas-Ard-Rúnaí é ar Ardrúnaíocht an BEI. Ansin bhog sé ar ais go dtí an Stiúrthóireacht Oibríochtaí agus ón 1 Meitheamh 2015 go dtí an 30 Aibreán 2022 bhí sé mar Ard-Stiúrthóir agus Leas-Cheann Oibríochtaí sa Stiúrthóireacht Oibríochtaí.
Ón 1 Bealtaine 2022 tá sé ina Ard-Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Bainistíocht agus Faireachán Punann (ar a dtugtaí an Stiúrthóireacht um Bainistíocht Idirbheart agus Athstruchtúrú roimhe sin).