Suche starten De menü de ClientConnect
Suche starten
Ergebnisse
Top-5-Suchergebnisse Alle Ergebnisse anzeigen Erweiterte Suche
Häufigste Suchbegriffe
Meistbesuchte Seiten
Oliver RUSSMANN

Ard-Stiúrthóir agus Príomh‑Rialtóir Airgeadais an Ghrúpa

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxemburg

Curriculum Vitae

Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.

Thosaigh Oliver Russmann leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (an BEI) mar Ard-Stiúrthóir agus Príomh‑Rialtóir Airgeadais an Ghrúpa an 1 Deireadh Fómhair 2024.

Tá taithí aige a théann siar níos mó ná tríocha bliain i róil shinsearacha cheannaireachta san airgeadas in institiúidí domhanda éagsúla. Tá cuntas teiste aige in oibríochtaí casta airgeadais a bhainistiú, sa chomhlíonadh rialála agus sa phleanáil straitéiseach airgeadais.

Bhí sé ina Phríomhoifigeach Airgeadais ag Citigroup Global Markets Europe AG in Frankfurt na Gearmáine ó 2015 go 2024, agus rinneadh comhalta Boird de i mí Eanáir 2019. Sa ról sin, rinne sé maoirseacht ar chisteán corparáideach, ar thuairisciú rialála, ar chuntasaíocht agus ar chomhlíonadh cánach, agus é i gceannas ag an am céanna ar thionscnaimh straitéiseacha.

Sular thosaigh sé in Citigroup, bhí róil shinsearacha ag Oliver le JPMorgan AG, Credit Suisse agus Commerzbank AG. Sna róil sin, rinne sé feidhmeanna airgeadais a bhainistiú agus pleananna straitéiseacha a fhorbairt, agus bhí sé i gceannas ar iarrachtaí athstruchtúraithe airgeadais agus tuairiscithe rialála. I gceist leis an ról ceannaireachta a bhí aige sna heagraíochtaí sin bhí maoirseacht ar chisteán corparáide, ar an gcomhlíonadh cánach agus ar rialuithe airgeadais do mhóreintitis dhlíthiúla san Eoraip.

Tá céim mháistreachta aige san Eacnamaíocht, sa Teoiric Airgeadaíochta agus sa Staidreamh ó Ollscoil Giessen.