In Éirinn, tá saol na ndaoine nach bhfuil d’acmhainn acu teach a cheannach ar an margadh oscailte athraithe ó bhonn a bhuíochas le tithíocht shóisialta a bhí tacaithe ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Bhí Anselm Leahy ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar feadh na mblianta, gan teach agus gan súil ar bith aige go mbeadh athrú ar a shaol. Bhí sé in ísle brí agus is iomaí lá dubh a bhí aige.

“Bhí mé ag dul ó áit go háit,” arsa Leahy, atá 55 bliain d’aois. “Déanann daoine talamh slán de go bhfuil áit le cónaí ann acu. Ach, is é fírinne an scéil go bhfuil tithe chomh costasach sin nach bhfuil d’acmhainn ag an-chuid daoine ceann a cheannach.”

“Is beag nach raibh mo mhisneach ar fad caillte agam,” a deir sé.

Fuair Leahy áit inacmhainne le cónaí ann go déanach in 2023 nuair a chuala sé faoi árasáin a bhí le cur ar fáil ag Cumann Tithíochta Focus. Tógadh na hárasáin le cabhair mhaoinithe ón nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe in Éirinn, institiúid stáit a chuireann iasachtaí ar fáil le tithe inacmhainne a thógáil ar fud na tíre.

“Tá mé chomh sásta le píobaire anois,” arsa Leahy. “Tá mé istigh liom féin arís.”

>@EIB

Anselm Leahy san árasán nua aige i mBaile Átha Cliath. (an BEI)

Le hocht mbliana anuas, tá €750 milliún tugtha ar iasacht ag an mBanc Eorpach Infheistíochta don Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe in Éirinn le níos mó ná 5 000 aonad tithíochta inacmhainne a thógáil agus 550 aonad tithíochta sóisialta a athchóiriú lena ndéanamh níos tíosaí ar fhuinnimh. Shínigh an BEI iasacht eile leis an ngníomhaireacht go déanach in 2023 le €200 milliún breise a chur ar fáil faoi chomhair tithíocht do mhic léinn.

“Tá an-éileamh go deo ar chóiríocht do mhic léinn in Éirinn agus an t-éileamh sin ag fás i gcónaí,” arsa Seán Cremen, ceannasaí ciste agus iasachtaithe ag an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe. “Is é fírinne an scéil nach féidir le mic léinn fanacht sa bhaile in an-chuid cásanna. Is fada an turas óna dteach go dtí an ollscoil agus caithfidh siad teacht ar áit chónaithe níos giorra don ollscoil dá bharr sin.”

Níl i dtionscadail tithíochta ach cuid bheag den tacaíocht a chuireann an Banc Eorpach Infheistíochta ar fáil d’Éirinn. In 2023, mhaoinigh an Banc Eorpach Infheistíochta luach €1.76 billiún de thionscadail sa tír.

Déanann an tAontas Eorpach beart de réir a bhriathair. Sin é an fáth ar cheart duit vótáil i dToghcháin Pharlaimint na hEorpa ar an 9 Meitheamh. Téigh chuig lecheile.eu leis an scéala is déanaí a fháil.