Search En menu en ClientConnect
Andrew McDOWELL

Ard-Stiúrthóir

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxembourg

Curriculum Vitae

Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.

An 1 Deireadh Fómhair 2024, chuaigh Andrew isteach sa phost mar Ard-Stiúrthóir BEI Domhanda agus é mar chúram air maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí infheistíochta agus comhairleacha an BEI lasmuigh den Aontas Eorpach. Ag obair dó faoi Uachtarán an BEI, Nadia Calviño, bainistíonn Andrew foireann daoine gairmiúla i Lucsamburg agus in oifigí eile ar fud an domhain, iad go léir ag obair le tacú le tionscadail i dtíortha comhpháirtíochta a bhaineann leis an aeráid nó atá ar aon dul le cuspóirí beartais an AE.

Go díreach sular tháinig sé ar ais go dtí an BEI, bhí Andrew ina chomhpháirtí in Strategy&, gnó domhanda comhairliúcháin straitéise PwC (2020-2024). Roimhe sin bhí sé ina Leas-Uachtarán de chuid an BEI (2016-2020), agus ina Chomhairleoir Eacnamaíoch agus Bainisteoir Cláir do Thaoiseach na hÉireann (2011-2016).

Eacnamaí é Andrew ó thaobh oiliúna de agus taithí 25 bliain aige ar bheith ag obair le hinstitiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta sa cheapadh beartais eacnamaíoch agus airgeadais.