Leas-Ard-Stiúrthóir
- c/o Delegation of the European Union
- 2175 K Street
- NW 20037 Washington, D.C.
- United States
Curriculum Vitae
Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.
Is é an Leas-Ardstiúrthóir Markus Berndt atá i gceannas ar Ionadaíocht Ghrúpa an BEI chun na Stát Aontaithe agus na Náisiún Aontaithe.
Sula ndeachaigh sé i mbun a phoist reatha, bhunaigh sé agus bhí sé i gceannas ar BEI Domhanda, an eite den Bhanc a dhéanann plé le hoibríochtaí taobh amuigh den Aontas Eorpach.
Bhí sé i gceannas ar Rannóg Straitéise Ghrúpa an BEI roimhe sin agus poist bhainistíochta aige sa Stiúrthóireacht Oibríochtaí agus sa Rannóg Eacnamaíochta.
Sular thosaigh sé mar shaineolaí earnála airgeadais leis an BEI in 2008, bhí poist ag Markus Berndt leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, in Aireacht Chónaidhme na Gearmáine um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch, agus ag Cleachtas Airgeadais agus Straitéise Corparáidí McKinsey agus a Chuideachta.
Bhain sé amach PhD san Eacnamaíocht sa bhliain 2000 mar mhac léinn íoctha ar an gClár Idirnáisiúnta Dochtúireachta sa Dlí agus Eacnamaíocht, arna eagrú ag Institiúid Max-Planck agus ag Ollscoil Hamburg. Tugadh cuireadh dó le linn na tréimhse sin le bheith ina chomhalta taighde ag Ollscoil Harvard, áit ar chaith sé seal.
Tá Markus Berndt pósta agus beirt pháistí aige. Is maith leis a bheith ag seinm racghiotáir mar chaitheamh aimsire.