Search En menu en ClientConnect
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages
Monique KONING

Ard-Chigire

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxembourg

Curriculum Vitae

Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.

Ceapadh Monique Koning mar Ard-Chigire an BEI i mí an Mheithimh 2023. Bhí sí ina Stiúrthóir roimhe seo i Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna an BEI (2021-2023) agus d’fhóin sí mar Stiúrthóir i Stiúrthóireacht Oibríochtaí an Bhainc, is í sin an stiúrthóireacht atá freagrach as tacaíocht oibríochtúil agus próisis (2016-2021).

Thosaigh Monique Koning leis an BEI in 2007 mar Oifigeach Sinsearach Iasachta - Maoiniú do Thionscadail san Afraic, agus in 2011 ceapadh ina ceann rannáin í sa Rannán um Maoiniú do Thionscadail lasmuigh den Aontas Eorpach (a dtugtar BEI Domhanda anois air), le fócas ar leith ar an bhfuinneamh in-athnuaite.

Sular thosaigh sí leis an BEI, bhí feidhmeanna éagsúla oibríochta, beartais agus straitéise ag Monique Koning i nGrúpa an Bhainc Dhomhanda, áit a raibh sí ag obair ó 1993 go 2007.

Thosaigh sí a gairm mar oifigeach beartais i gCisteán na hAireachta Airgeadais san Ísiltír agus tá MSc sa mhaicreacnamaíocht aici ó Ollscoil Amstardam.