Search En menu en ClientConnect
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages
    ©Vio Dudau/EIB
    • Ag teacht le chéile dóibh mar Bhord Gobharnóirí an BEI, ghlac airí an AE go foirmiúil le Treochlár Straitéiseach Ghrúpa an BEI agus leag amach ocht phríomhthosaíocht d’eite mhaoinithe an AE.
    • Ar na hocht dtosaíocht tá gníomhú ar son na haeráide, digitiú agus nuálaíocht, slándáil agus cosaint, comhtháthú, talmhaíocht agus bithgheilleagar, bonneagar sóisialta, infheistíochtaí tionchair lasmuigh den AE agus cur le margaí caipitil na hEorpa.
    • Chuir na Gobharnóirí tús leis an bpróiseas freisin le reacht an BEI a athrú sa chaoi gurbh fhearr a bheadh sé in ann tacú le geilleagar na hEorpa, agus an rátáil chreidmheasa, an ghiaráil agus an seasamh caipitil den chéad scoth atá ag an mBanc a chaomhnú ag an am céanna.

    Tagann an glacadh leis an Treochlár Straitéiseach sna sála ar roinnt míonna de dhianteagmháil idir an tUachtarán Nadia Calviño agus rialtais an AE, príomh‑chomhpháirtithe agus príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear cainteanna ar leith ag na cruinnithe ECOFIN i mí Feabhra agus mí Aibreáin.

    Sa Treochlár ar glacadh leis tá na príomhghnéithe seo a leanas:

    Clár infheistíochta spriocdhírithe “Strategic Tech-EU” d’fhonn dlús a chur le digitiú agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, amhail an intleacht shaorga, micrishliseanna, na heolaíochtaí beatha agus an ríomhaireacht chandamach. Clúdóidh an tionscnamh sin an slabhra breisluacha ó thús deireadh, amhábhair ríthábhachtacha san áireamh, rud a chuirfidh le neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa agus a chothóidh an nuálaíocht sa bhaile.

    Tar éis an tsainordaithe ón nGrúpa Euro, leathnóidh an BEI Tionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa, a bhfuil ag éirí go maith leis, le caipiteal príobháideach a mhealladh isteach agus gnólachtaí nuathionscanta a mhéadú.

    Déanfaidh sé samhail na n-ionstraimí airgeadais caighdeánaithe i réimsí eile a mhacasamhlú freisin chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh in earnálacha amhail an éifeachtúlacht fuinnimh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus an t-iarfheistiú foirgneamh. Déanfaidh na tionscnaimh sin a gcion féin le haontas margaí caipitil an AE a chur chun cinn.

    Neartóidh an BEI a chuid infheistíochtaí agus forbróidh ionstraimí nua airgeadais le cur le teacht aniar na hEorpa sa bhainistíocht uisce agus le tacú leis an talmhaíocht, leis an mbithgheilleagar agus le slándáil an tsoláthair bia. Cuirfidh na cláir sin leachtacht ar fáil, roinnfidh acmhainní agus laghdóidh na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí.

    Taobh amuigh den AE, beidh Grúpa an BEI ag díriú níos mó ar a thionchar a uasmhéadú i leith roinnt príomhthosaíochtaí, amhail tacú leis an Úcráin, a chinntiú go n-éiríonn go maith le próiseas méadaithe an AE, comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta le tíortha in aice láimhe a neartú agus tacú le clár oibre straitéiseach Global Gateway an AE san Afraic agus ar fud an domhain.  

    Fáiltíodh na hAirí roimh na bearta nithiúla atá déanta cheana féin chun na tosaíochtaí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an Plean Gníomhaíochta chun tuilleadh tacaíochta fós a thabhairt do thionscal slándála agus cosanta na hEorpa, agus acmhainn mhaoinithe an bhainc a chosaint ag an am céanna. Chuir Grúpa an BEI a bheartas iasachta in oiriúint cheana féin chun cur le raon na n-infheistíochtaí is ceadmhach a mhaoiniú i réimsí na slándála agus na cosanta, lena n-áirítear soghluaisteacht mhíleata, cosaint teorann agus bonneagair ríthábhachtaigh eile, dí-mianadóireacht agus dí-éilliú, cibearshlándáil, spás, T&F agus teicneolaíochtaí agus bonneagar dé-úsáide eile.

    Tá tús curtha ag na Gobharnóirí freisin leis an bpróiseas chun athruithe áirithe a dhéanamh ar reacht an BEI. Dála institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, tabharfaidh an t-athrú reachtúil sin an dlínse do Bhord Gobharnóirí an BEI an cóimheas giarála a chinneadh, arb é an figiúr ar trí thagairt dó a socraítear uasmhéid ainmniúil chlár comhardaithe na n-iasachtaí amuigh mar chéatadán den chaipiteal suibscríofa.

    I gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún Eorpach agus le roinnt parlaimintí náisiúnta, tosóidh comhlachtaí rialaithe agus Comhairle an BEI ag obair anois ar an nós imeachta reachtach le haghaidh an athraithe reachtúil.

    Ag glacadh leis go n-athrófar an reacht, d’aontaigh na Gobharnóirí an Teorainn Cóimheasa Giarála a ardú ó 250% go 290%, rud a chuirfidh ar chumas an BEI na méideanna iasachta bliantúla do 2024 a choinneáil agus sainordaithe agus ráthaíochtaí breise a chur i bhfeidhm ó bhuiséad an AE, agus a chóimheasa giarála agus caipitil a chaomhnú ag an am céanna. Tabharfaidh sé sin lamháil leordhóthanach don Bhanc an Treochlár Straitéiseach a chur i bhfeidhm agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a dhéanamh i réimsí amhail fuinneamh glan, cadhnraí, comhtháthú sóisialta agus críche, agus slándáil agus cosaint, agus, ar an gcaoi sin, cur le neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa. Faoin teorainn nua, choimeádfadh an BEI an cóimheas bunchaipitil an-ard atá aige, rud a d’fheabhsófaí tuilleadh le bearta inmheánacha chun cur le héifeachtúlacht agus brabúsacht, agus dhéanfaí é sin ar fad gan tionchar ar bith ar cháiníocóirí na hEorpa.

    Leanfaidh an BEI air ag infheistiú os cionn leath dá chuid maoinithe bliantúil sa ghníomhú ar son na haeráide, san fhuinneamh glan agus inacmhainne go háirithe, agus tá an chuma ar an scéal go n-éireoidh linn ár sprioc a bhaint amach le tacú le luach €1 trilliún d’infheistíochtaí glasa sna 10 mbliana iontach tábhachtach go dtí 2030. Tá sé beartaithe sa Treochlár Straitéiseach freisin go rachaidh beagnach leath d’iasachtú bliantúil an BEI chuig tionscadail i réigiúin chomhtháthaithe In éineacht le béim mhéadaithe ar infheistíocht i mbonneagar sóisialta, amhail áiseanna sláinte, tithíochta inacmhainne agus oideachais, leagann sé sin béim ar a thiomanta atá an Grúpa do chothrom na Féinne ó thaobh fáis agus caighdeáin mhaireachtála de.

    “Tá saoránaigh agus gnólachtaí ag súil go dtacóidh an Eoraip le hinfheistíochtaí don am atá le teacht, a fheabhsóidh a saol, a neartóidh a slándáil agus a chuirfidh deiseanna nua ar fáil.  Cuideoidh Treochlár Straitéiseach Ghrúpa an BEI linn é sin a dhéanamh – agus rathúnas, iomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a chosaint freisin” arsa Uachtarán Ghrúpa an BEI, Nadia Calviño. “Tá ár scairshealbhóirí tar éis glacadh le plean soiléir le haghaidh na mblianta amach romhainn, plean a thógann ar láidreachtaí Ghrúpa an BEI agus a réitíonn an bealach chun ár n-éifeachtúlacht agus ár dtionchar a láidriú, agus cur le hinfheistíochtaí nuair a dhéanfadh sé sin difríocht.”

    Cathaoirligh Nua

    Chuir Bord Gobharnóirí an BEI, a bhíonn comhdhéanta d’Airí arna n-ainmniú ag gach ceann de na 27 Ballstát, Airí Airgeadais de ghnáth, chuir siad fáilte roimh chathaoirligh nua ar an mBord Gobharnóirí agus ar an gCoiste Iniúchóireachta, agus ghlac freisin le tuarascáil bhliantúil an Choiste Iniúchóireachta.

    Rinne Vincent Van Peteghem, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge, cathaoirleacht ar chruinniú bliantúil an lae inniu. “Ionstraim Eorpach iontach láidir é an BEI, a dhíríonn maoiniú poiblí agus príobháideach araon i dtreo chomhthosaíochtaí infheistíochta na mBallstát,” arsa Van Peteghem agus é ag tabhairt na cathaoirleachta sealaíochta ar an mBord Gobharnóirí don Bhulgáir. “Ba mhór an onóir agus an pléisiúr dom é a bheith i mo chathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí an Bhainc le bliain anuas, agus tá áthas orm an chathaoirleacht a thabhairt ar aghaidh tar éis cinneadh a dhéanamh cumhachtú do bhanc an AE níos mó fós a dhéanamh amach anseo ar bhonn Treochlár soiléir.”

    “Mar eite mhaoinithe an AE, leanfaidh Grúpa an BEI air ag cur maoiniú ar fáil le tacú le príomhthosaíochtaí laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Tá ról ríthábhachtach ag Grúpa an BEI le tacú leis an aistriú glas agus digiteach, leis an gcomhtháthú agus leis na réigiúin siúd is mó atá thíos leis an ionradh ar an Úcráin,” arsa Lyudmila Petkova, Leas-Phríomh-Aire eatramhach agus Aire Airgeadais na Bulgáire. “Mar bhonn faoin ról ceannais sin agus faoi na hiarrachtaí le dul i ngleic leis na dúshláin amach anseo beidh saineolas agus seasamh láidir caipitil an BEI.”

    Mar chuid den tsealaíocht a éillítear le Rialacha Nósanna Imeachta an BEI, thug Christoph Haas an chathaoirleacht bhliantúil ar an gCoiste Iniúchóireachta ar aghaidh do Nuno Gracias Fernandes. Chuir an Coiste Iniúchóireachta a dtuarascáil bhliantúil i láthair ag cruinniú an Bhoird Gobharnóirí freisin agus tá sé le foilsiú in am trátha.

    Faisnéis chúlra

    Is é Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Maoiníonn sé infheistíochtaí fónta a chuireann le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an t-iomaíochas, an nuálaíocht, an fhorbairt inbhuanaithe, an comhtháthú sóisialta agus críche, chomh maith leis an aistriú cóir cothrom gasta chuig an neodracht aeráide.

    Shínigh Grúpa an BEI, a bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) ina chuid de, luach €88 billiún de mhaoiniú nua anuraidh. Rachaidh na gealltanais sin chun tairbhe do bhreis agus 900 tionscadal agus táthar ag súil go spreagfar thart ar €900 billiún d’infheistíochtaí mar thoradh orthu, rud a thacóidh le 400,000 comhlacht agus 5.4 milliún post.

    Cé go dtéann thart ar 90% d’iasachtaí Ghrúpa an BEI chuig infheistíochtaí taobh istigh den AE, bíonn 10% acu dírithe ar thionscadail lasmuigh den AE agus ar chomhghuaillíochtaí straitéiseacha domhanda, amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus UNICEF.

    Bíonn gach tionscadal nua a maoiníonn Grúpa an BEI é ag teacht le Comhaontú Aeráide Pháras, agus ní bhíonn infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise gan mhaolú incháilithe le haghaidh maoiniú. Tá an chuma ar an scéal anois go n-éireoidh le Grúpa an BEI cur leis na gealltanais a thug sé i dTreochlár an Bhainc Aeráide le tacú le hinfheistíocht €1 trilliún san inbhuanaitheacht aeráide agus chomhshaoil sna deich mbliana go dtí 2030. Bíonn breis agus leath den mhaoiniú a thugann Grúpa an BEI amach ar iasacht dírithe ar thionscadail a chuireann go gníomhach leis an maolú ar an athrú aeráide, leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le comhshaol níos sláintiúla. Laistigh den AE, téann beagnach leath de mhaoiniú an BEI chuig réigiúin chomhtháthaithe ina bhfuil an t-ioncam per capita níos ísle, rud is léiriú ar a thiomanta atá an Banc do chothrom na Féinne ó thaobh fáis agus caighdeáin mhaireachtála de. 

    Contact

    Reference

    2024-214-GA