Tá an stiúrthóireacht freagrach go príomha as páirtithe leasmhara, idir inmheánach agus seachtrach, a chur ar an eolas faoi staid, torthaí agus feidhmíocht an Bhainc. Ní mór di sláine, iomláine agus cruinneas ráitis airgeadais an Bhainc agus comhlíonadh na gcaighdeán agus na ndea-chleachtas cuntasaíochta is infheidhmithe a áirithiú. Chuir an stiúrthóireacht an Rannóg um Rialuithe Inmheánacha agus Dearbhú ar bun in 2016 d’fhonn dara líne chosanta an Bhainc a neartú agus comhchreat a leagan síos i gcomhair rioscaí rialaithe an BEI a mheas agus a thuairisciú.