Leas-Ard-Stiúrthóir agus Príomhoifigeach Riosca Ghrúpa an BEI
- 98-100, boulevard Konrad Adenauer
- L-2950 Luxembourg
- Luxembourg
Curriculum Vitae
Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.
Náisiúnach de chuid na Rómáine é Adrian Kamenitzer agus is é Príomhoifigeach Riosca (Leas-Ardstiúrthóir) an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an BEI) é. Tá an post sin ag an Uasal Kamenitzer ó bhí mí an Mheithimh 2021 ann. Roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir ar Chothromas, Táirgí Nua agus Idirbhearta Speisialta ar feadh 4 bliana i rannóg oibríochtaí an Bhainc. Bhí poist eile aige i rannóg bainistíochta riosca an BEI, sa Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (oifig thosaigh agus bainistíocht riosca) agus, sa Rómáin, le Coopers agus Lybrand (PriceWaterhouseCoopers anois).
Tá céim MSc san Innealtóireacht Leictreach ó Ollscoil Politehnica Bhúcairist ag an Uas. Kamenitzer, chomh maith le Céim Máistir sa Riarachán Gnó ó Chlár MBA na Rómáine/Cheanada.