Recherche Fr menu fr ClientConnect
Recherche
Résultats
5 premiers résultats de la recherche Voir tous les résultats Recherche avancée
Recherches les plus fréquentes
Pages les plus visitées
Jean-Christophe LALOUX

Ard-Stiúrthóir; Ceann Oibríochtaí

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxembourg

Curriculum Vitae

Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.

Is é Jean-Christophe Laloux Ard-Stiúrthóir agus Ceann na nOibríochtaí Iasachtaithe agus Comhairleacha laistigh den Aontas Eorpach agus de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (an BEI).

Tá an tUasal Laloux sa phost seo ó bhí 2014 ann (agus go dtí 2021 bhí sé freagrach as an iasachtú lasmuigh den Aontas Eorpach freisin). Le himeacht na tréimhse sin, tá breis agus €400 billiún curtha ar fáil ag an BEI mar iasachtaí nua agus tá roinnt tionscnaimh mhóra curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Tionscnamh Athléimneachta Eacnamaíche agus an Ciste Ráthaíochta uile-Eorpach. Bhí sé i gceannas freisin ar fhoireann túslíne an Bhainc tráth a raibh athrú ó bhonn ag teacht air, rud a raibh i gceist leis glacadh le níos mó riosca in oibríochtaí aonair agus sciar i bhfad níos mó a ghlacadh i gcontrapháirteanna nua agus níos lú. I measc rudaí eile, chuir sé oibríochtaí an BEI chun cinn agus chuir leo i réimsí an fiachais fiontair agus an mhaoinithe théamaigh.

Sular thosaigh sé leis an mBanc, bhí sé ag obair ar feadh sé bliana mar shainchomhairleoir bainistíochta le PriceWaterhouseCoopers agus leis an Boston Consulting Group.

Tá céim san Innealtóireacht Tráchtála aige ó Ollscoil Chaitliceach Leuven, Iarchéim sa Bhainistíocht (magna cum laude) ó Ollscoil Ghent, mar aon le Máistir sa Riarachán Gnó (Pas le Gradam) ó Scoil Bhainistíochta Kellogg, Ollscoil an Iarthuaiscirt, Stáit Aontaithe Mheiriceá.