Bain leas as do vóta
Is le do vóta a shocrófar an chaoi a ngníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar na ceisteanna is tábhachtaí: an geilleagar, an aeráid, cúrsaí fuinnimh agus slándála, chomh maith le háit na hEorpa ar an ardán domhanda.
Cuirfidh do vóta bonn eolais faoin méid a dhéanfaimidne ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, leis. Téimid i gcomhar le hinstitiúidí Eorpacha eile le tacú le beartais an Aontais Eorpaigh agus leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn
Téigh i mbun gnímh. Bíodh tionchar agat ar an saol san Eoraip amach anseo. Is é do vóta é, bain leas as.
Faisnéis do vótálaithe
Beidh na toghcháin Eorpacha ar siúl ón 6 go dtí an 9 Meitheamh. Faigh amach cén uair a bheidh tú in ann do vóta a chaitheamh i do thír féin, cén chaoi a bhfeidhmíonn sé agus a thuilleadh nach iad.
Cuir eolas ar Pharlaimint na hEorpa agus faigh amach faoin gcaoi a bhfeidhmíonn na toghcháin
FAOI CHAIBIDIL
Le do thaobh
Tá an Banc Eorpach Infheistíochta le do thaobh ón gcéad rud ar maidin go dtí an rud deiridh san oíche. Is é ár maoiniú a thógann na bóithre agus na droichid a nascann le chéile muid, a bhrúimid chun cinn i réimse an leighis, a chruthaíonn poist agus atá ag cinntiú go bhfuil saol níos gile agus níos glaise i ndán dúinn go léir.
An chaoi a mbíonn tionchar againn ar an saol san Eoraip amach anseo
Tacaímid le luachanna agus beartais an Aontais Eorpaigh le saol daoine a fheabhsú. Cuireann ár dtionscadail saol chun cinn san Eoraip atá níos rathúla, níos inbhuanaithe agus níos ionchuimsithí.
An CEI i do thír féin
Oibríonn an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) le comhpháirtithe ar fud na hEorpa lena chinntiú go bhfaigheann gnólachtaí beaga an tacaíocht airgeadais atá ag teastáil uathu.
Ár bhfoilseacháin
EIB at a glance
As the largest and greenest multilateral lender in the world, the EIB helps economies flourish, creates jobs and promotes equality.
EIB Group Activity Report 2023
A blueprint presents drawings, dimensions and notes. This report draws vivid pictures of the beneficiaries of European Investment Bank projects in 2023.
EIB Investment Survey - European Union Overview
This unique insight into the corporate investment in the European Union examines companies' finance needs and the constraints they face.
Bí ar an eolas
Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreacha leis an scéala is déanaí a fháil maidir le:
- Nuacht agus blaganna
- Podchraoltaí agus físeáin
- Foilseacháin