Search En menu en ClientConnect
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages
Debora REVOLTELLA

Stiúrthóir

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxembourg

Curriculum Vitae

Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.

Faisnéis phearsanta:

  • Iodálach

Gairmréim:

Is í Debora Revoltella Stiúrthóir Rannóg Eacnamaíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, agus í ag feidhmiú mar an Príomh-Eacnamaí.

Cuireann an Rannóg Eacnamaíochta anailís eacnamaíoch atá dírithe ar an tionchar ar fáil d’fhonn tacú le hoibríochtaí agus seasamh domhanda an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, chomh maith le beartas agus straitéis an Ghrúpa. Tá thart ar 40 eacnamaí ag obair sa Rannóg. Tá sí i gceannas ar na samhlacha rátála earnála flaithiúnais agus airgeadais don Bhanc, chomh maith le saineolas ón earnáil airgeadais a chur ar fáil do thionscadail de chuid an Bhainc. Tá sí freagrach freisin as measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus ar na torthaí a bhaineann amach tionscadail atá maoinithe ag an mBanc.

Ó thosaigh sí leis an mBanc in 2011 rinne Debora Revoltella príomhfhoilseacháin a dhearadh agus a stiúradh, amhail Tuarascáil Infheistíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, sraith páipéar oibre beartais agus taighde eile a bhain le réigiúin ar leith.

Is sise a bhí taobh thiar de dhearadh agus feidhmiú Shuirbhé Infheistíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, is suirbhé nua a chlúdaíonn 12 500 gnóthas Eorpach agus atá anois ina shócmhainn ríthábhachtach ó thaobh tuiscint a fháil ar dhinimic infheistíochta san Eoraip. Is ar a comhairle a chuaigh an Banc i gcomhar leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus leis an mBanc Domhanda don Suirbhé Fiontraíochta maidir le Réigiún an Meánoirthir agus na hAfraice Thuaidh in 2015 agus maidir leis an réigiún iomlán in aice láimhe in 2017.

Tá céim san Eacnamaíocht agus céim mháistir san Eacnamaíocht aici ó Ollscoil Bocconi, chomh maith le PhD san Eacnamaíocht ó Ollscoil Ancona san Iodáil. Tar éis di tréimhse a chur isteach mar Ollamh Taca sa Mhaicreacnamaíocht ag Ollscoil Bocconi, thosaigh sí i rannóg taighde Banca Commerciale Italiana, ceann de mhórbhainc na hIodáile.

In 2001 fuair sí post in UniCredit mar an Príomheacnamaí le haghaidh Lár agus Oirthear na hEorpa. Bhí sí ina bainisteoir ar fhoireann 40 eacnamaí a bhí ag tacú le straitéis forbartha réigiúnaí na hinstitiúide. D'fhorbair an rannóg ina príomhionad taighde don réigiún i gcaitheamh na mblianta seo.

Tá Debora Revoltella ina comhalta ar Choistí Stiúrtha Vienna Initiative agus CompNet, ina comhalta malartach ar Bhord Chomh-Institiúid Vín, agus ina comhalta ar Bhoird SUERF agus Ghrúpa Euro 50.