Search En menu en ClientConnect
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages
Shiva DUSTDAR

Stiúrthóir

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxembourg

Curriculum Vitae

Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.

Is í Shiva Dustdar Ceannasaí agus Stiúrthóir Institiúid an BEI faoi láthair, eagraíocht a thugann luachanna agus misean Ghrúpa an BEI níos gaire don tsochaí trí ghníomhaíochtaí neamhthráchtála a thacaíonn lena thosaíochtaí aeráide, nuálaíochta agus forbartha. Tá os cionn 28 bliain de thaithí ag Shiva sa tionscal airgeadais, taithí a fuair sí ag obair in institiúidí móra príobháideacha agus poiblí i Nua-Eabhrac, i Londain agus i Lucsamburg. Ó chuaigh sí isteach sa BEI in 2003, tá obair déanta aici sa bhainistíocht riosca, san iasachtú, san infheistiú agus i gcomhairle a thabhairt do chuideachtaí nuálacha. Bhí Shiva i gceannas ar Rannán Comhairleach Airgeadais Nuálaíochta an BEI go dtí mí an Mheithimh 2022, agus chuir sí clár comhairleach rathúil um maoiniú nuálaíochta ar bun a chuimsigh earnálacha glasa, digiteacha, inscne-chliste agus sláinte.

Chuir Shiva tús lena gairm sa bhaincéireacht infheistíochta ag JP Morgan i Nua-Eabhrac siar in 1993. D’oibrigh sí sna cumaisc agus éadálacha, sa mhaoiniú tionscadail agus sna margaí éiritheacha sular thosaigh sí ag obair sa ghníomhaireacht rátála Fitch in 1999 chun a ghnó rátála ardtoraidh a bhunú san Eoraip. Tá BA (magna cum laude) aici san Eacnamaíocht ó Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac agus MBA Feidhmiúcháin ó Scoil Ghnó Londain (LBS). Is saineolaí san airgeadas nuálaíochta í Shiva agus tugann sí óráidí go rialta ar ábhair amhail an nuálaíocht agus an maoiniú tionchair, an infheistíocht inscne-chliste, agus an maoiniú digiteach agus glas. Tá sí gníomhach i líonraí a chuireann maoiniú inbhuanaithe agus misean-dírithe chun cinn.