• Shínigh Grúpa an BEI maoiniú €88 billiún do bhreis is 900 tionscadal ardtionchair i bpríomhréimsí beartais amhail bonneagar iompair agus soghluaisteacht uirbeach, fuinneamh agus uisce, digitiú, teicneolaíochtaí nua, nuálaíocht, cúram sláinte, tithíocht inacmhainne, oideachas agus tacaíocht do FBManna.
  • €49 billiún infheistithe sa mhaoiniú glas, an méid is mó riamh
  • Níos mó ná €21 billiún infheistithe sa tslándáil fuinnimh 

Sa Bhruiséil inniu d’fhógair Uachtarán an BEI, Nadia Calviño, gur shínigh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta luach beagnach €88 billiún de chonarthaí nua maoinithe in 2023 le haghaidh tionscadail ardtionchair a bhí ag teacht le tosaíochtaí beartais an Aontais Eorpaigh, amhail gníomhú ar son na haeráide, bonneagar inbhuanaithe agus cúram sláinte.

“Ar fud na hEorpa, tá Grúpa an BEI ag cur thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm: ag cur le hiomaíochas na hEorpa agus le ceannaireacht an Aontais i dteicneolaíochtaí glasa, agus ag déanamh a chion féin le saol níos seasmhaí a chinntiú do dhaoine ar fud an Aontais agus an domhain,” arsa an tUachtarán Calviño.

“Sheas an Grúpa lena ghealltanais. Ní hamháin gur bhain sé amach a spriocanna maidir le raon príomhthosaíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, ach sháraigh iad chomh maith. Rachaidh sé sin chun sochair dúinn go léir inár saol laethúil, ó uisce óil níos sábháilte, iompar poiblí feabhsaithe, rochtain níos fearr ar vacsaíní go clúdach 5G níos fearr, gan trácht ar phoist nua-chruthaithe, iomaíochas méadaithe, agus slándáil agus éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe,” a dúirt sí.

Agus €349 billiún d’infheistíocht ghlas curtha ag obair ó bhí 2021 ann, tá an Grúpa ar an mbóthar ceart lena sprioc a bhaint amach le tacú le luach €1 trilliún de mhaoiniú glas faoi 2030. Cuireadh maoiniú €49 billiún go díreach chuig an ngníomhú ar son na haeráide agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil in 2023, suas ó €38 billiún in 2022.

San áireamh in infheistíochtaí an Bhainc in 2023 bhí ní ba mhó ná €21 billiún do REPowerEU, tionscnamh atá deartha le spleáchas na hEorpa ar bhreosla iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú glas. Beidh na hacmhainní giniúna leictreachais a maoiníodh in ann 13.8 milliún teaghlach a chumhachtú.

In ainneoin go raibh an saol ar fud an domhain faoi smál na héagobhsaíochta, chuir BEI Domhanda, an eite den Ghrúpa nach ndéanann plé ach le hinfheistíochtaí lasmuigh den AE, ní ba mhó ná €8.4 billiún ar fáil do thionscadail, agus chuaigh beagnach leath den mhéid sin chuig na tíortha is lú forbairt agus na stáit is leochailí dá bhfuil ann. Tríd is tríd, spreag maoiniú BEI Domhanda €27 billiún d’infheistíochtaí faoi Thionscnamh Tairisí Domhanda an AE, atá chun tosaigh ar an sceideal le €100 billiún a bhaint amach faoin gclár faoi 2027. Sa bhreis ar nach mór €2 billiún atá tugtha don Úcráin ó rinne an Rúis ionradh ar an tír, chuir an Banc Ciste EU4U ar bun in 2023, le tacaíocht ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún Eorpach, chun athléimneacht eacnamaíoch agus iarrachtaí atógála a neartú tuilleadh san Úcráin.

D’infheistigh Grúpa an BEI €19.8 billiún sa nuálaíocht agus €20 billiún le tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus cuideachtaí meánchaipitlithe. Infheistíocht ón gCiste Eorpach Infheistíochta a bhí taobh thiar de sin den chuid ba mhó, is é sin soláthraí speisialaithe maoinithe riosca an BEI, a shínigh nach mór €15 billiún d’infheistíochtaí anuraidh. San áireamh sa mhéid sin bhí €1 billiún faoi Thionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa, arb aidhm leis gnólachtaí nuathionscanta a mhéadú agus iomaíochas na hEorpa a fheabhsú. I measc na n-infheistíochtaí eile a bhí dírithe ar an nuálaíocht agus a bhain tairbhe as maoiniú ó Ghrúpa an BEI, bhí 19 tionscadal intleachta saorga. “Cé go bhfuil am corrach linn ó thaobh infheistiú de, tá Grúpa an BEI réidh lena ról fritimthriallach a imirt agus, chuige sin, cuirfidh sé le spriocanna bhuiséad an Aontais Eorpaigh, tacóidh le Ballstáit agus lenár ngeilleagair, agus freagróidh don éileamh láidir atá ann ar fud na hEorpa, go háirithe ón earnáil phríobháideach,” arsa an tUachtarán Calviño.

“Ach is eol dúinn go gcaithfimid cur go suntasach lenár n-iarrachtaí le bheith in ann na dúshláin atá romhainn a shárú, agus is cinnte gur féidir linn cabhrú leis an Eoraip é sin a dhéanamh. An tseachtain seo tá Grúpa an BEI chun tionscadail nua a fhógairt sa tSualainn, sa Rómáin, san Iodáil, sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Pholainn, sa Liotuáin agus sa Bhulgáir le tacú le teicneolaíochtaí glasa nua, idir stáisiúin luchtaithe, iarnróid, déantúsaíocht cruach glaise agus réitigh ghréine.”

Táthar ag súil go dtacóidh an maoiniú ón nGrúpa in 2023 le thart ar €320 billiún in infheistíocht, go mbainfidh sé amach 400,000 cuideachta agus go dtacóidh sé le 5.4 milliún post. Chuaigh ní ba mhó ná 45% den mhaoiniú ón nGrúpa laistigh den AE le tacú le réigiúin chomhtháthaithe, agus chuaigh beagnach 20% den mhéid sin go réigiúin bheagfhorbartha san Aontas Eorpach, áit a bhfuil an olltáirgeacht intíre per capita níos lú ná 75% de mheán an AE. Fógróidh an Grúpa miondealú tír ar thír ar na torthaí don bhliain 2023 ar an 1 Feabhra 2024.

“Tugann Grúpa an BEI luach do gach tír agus do gach earnáil de gheilleagar an Aontais. Cuirimid go mór le nuálaíocht, ionchuimsiú, slándáil eacnamaíoch agus iomaíochas ar an mór-roinn againn, agus déanaimid cinnte de go n-oibrímid le comhpháirtithe i ngach áit le tionchar ár gcomhoibre a mhéadú,” a dúirt an tUachtarán Calviño.

Téacs óráid an Uachtaráin Calviño agus beoshruth

Doiciméid agus sonraí tacaíochta

Faisnéis chúlra

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Cuireann sé maoiniú ar fáil i gcomhair infheistiú fónta a chuireann le spriocanna beartais an Aontais, lena n-áirítear aistriú cóir cothrom domhanda chuig an neodracht aeráide.

Tá an Ciste Eorpach Infheistíochta (an CEI) ina chuid de Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Is é is príomhaidhm leis ná tacú le micreaghnóthais agus le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus, chuige sin, cabhrú leo teacht ar mhaoiniú. Déanann an CEI caipiteal fiontair agus fáis, urrúis agus ionstraimí micrea-airgeadais a dhearadh agus a fhorbairt atá dírithe go sonrach ar an gcuid sin den mhargadh. Sa ról sin, déanann an CEI a chion féin le príomhchuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, amhail iomaíochas agus fás, nuálaíocht agus digitiú, tionchar sóisialta, scileanna agus caipiteal daonna, gníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, agus a thuilleadh nach iad.