Ó cuireadh Banc an AE ar bun in 1958, tá breis agus trilliún euro infheistithe againn. Cé go bhfuil an gníomhú ar son na haeráide ina chuid de gach a ndéanaimid, tá ár ngníomhaíochtaí dírithe ar na hocht gcroíthosaíocht straitéiseacha seo a leanas:
- an gníomhú ar son na haeráide,
- an digitiú agus an nuálaíocht teicneolaíochta,
- an slándáil agus an chosaint,
- beartas comhtháthaithe nua-aimseartha,
- an talmhaíocht agus an bithgheilleagar,
- an bonneagar sóisialta,
- an t-infheistiú domhanda ardtionchair, agus
- aontas na margaí caipitil.
Oibríonn an BEI as lámha a chéile le hinstitiúidí eile den Aontas Eorpach d’fhonn lánpháirtiú na hEorpa a chothú, forbairt an Aontais a chur chun cinn agus tacú le beartais an Aontais i mbreis agus 160 tír ar fud na cruinne.
Trí BEI Domhanda, a cuireadh ar bun in 2022 d’fhonn tionchar ár gcuid maoinithe forbartha a mhéadú, déanaimid ár gcion féin le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus le fás agus deiseanna a chruthú i ngach cearn den domhan.
Fíricí fánacha
Ceannáras agus stair
Bunaíodh an BEI sa Bhruiséil in 1958 agus bogadh chuig Lucsamburg in 1968 é. Faigh amach faoinár stair agus cuir eolas ar ár bhfoirgnimh
Fíricí agus figiúirí
Thar aon ní eile, is mian le Grúpa an BEI a oiread difríochta agus is féidir a dhéanamh. Féach measúnacht ar thionchar maicreacnamaíoch a chuid gníomhaíochtaí san Eoraip agus príomhfhigiúrí reachtúla
A gcuirimid ar fáil
Cuirimid iasachtaí, urrúis, infheistíochtaí cothromais agus seirbhísí comhairleacha ar fáil. Léigh tuilleadh faoinár gcuid táirgí airgeadais.
Ár Saothar
Táimid ar an institiúid airgeadais iltaobhach is mó dá bhfuil ann agus ar cheann de na soláthraithe is mó maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide. Tacaímid le tionscadail a chuireann spriocanna an Aontais Eorpaigh chun cinn. Tuilleadh eolais
An Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI)
Cuireann an CEI, atá ina chuid de Ghrúpa an BEI, caipiteal cothromais, iasachtaí agus ráthaíochtaí ar fáil trí líonra leathan d’idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe d’fhonn tacú le micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide na hEorpa. Tuilleadh eolais
Ár bhfoireann
Tá níos mó ná 4 000 ball foirne ag an BEI anois, agus iad lonnaithe i Lucsamburg agus in oifigí seachtracha araon. Faigh amach faoi obair a dhéanamh linn
Na tíortha a bhfuilimid ag obair iontu
Táimid ag obair i mbreis agus 160 tír, taobh istigh den AE agus níos faide i gcéin. Faigh amach faoinár dtionscadail
Ár dTionscadail
Cuirimid maoiniú ar fáil do thionscadail infheistíochta, bídís beag nó mór, a thacaíonn le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh. Faigh amach faoi na tionscadail atá againn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin
Dul i ngleic le dúshláin dhomhanda
Creidimid nach raibh riamh gá chomh mór sin le gníomhú iltaobhach ná le tacaíocht éifeachtach d’fhorbairt agus fás taobh amuigh den Eoraip. Faigh amach cén chaoi a n-oibríonn an BEI agus a chuid comhpháirtithe as lámha a chéile
An BEI a Mhaoiniú
Tá scair gach Ballstáit i gcaipiteal an Bhainc bunaithe ar a láidre a bhí an Ballstát áirithe sin ó thaobh airgeadais de tráth a aontachais leis an Aontas. Faigh miondealú ar chaipiteal an BEI
Ár n-acmhainní
Tá an BEI neamhspleách ó thaobh airgeadais de agus eisíonn bannaí ar na margaí caipitil chun airgead a thiomsú. Fágann an rátáil chreidmheasa den scoth atá againn go n-éiríonn linn airgead a thiomsú ar rátaí maithe. Faigh amach faoinár n-acmhainní agus bannaí glasa
Ár gcliaint
Cuirimid iasachtaí ar fáil sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Tacaímid le cuideachtaí beaga trí bhainc áitiúla agus is féidir le cuideachtaí meánchaipitlithe tacaíocht dhíreach a fháil faoi chomhair infheistíochtaí taighde agus forbartha. Faigh amach faoi tháirgí agus seirbhísí an Bhainc