Recherche Fr menu fr ClientConnect
Recherche
Résultats
5 premiers résultats de la recherche Voir tous les résultats Recherche avancée
Recherches les plus fréquentes
Pages les plus visitées
Getty Images
  • An Coimisinéir um Fhuinneamh agus Tithíocht, Dan Jørgensen, tar éis dul i gcomhar le hUachtarán Ghrúpa an BEI, Nadia Calviño, chun an bhunchloch a leagan le haghaidh ardán uile‑Eorpach infheistíochta um thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe. Leagann an tionscnamh seo béim ar a thábhachtaí atá sé tithíocht níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe a chinntiú i ngeilleagar táirgiúil.
  • Ag Fóram an BEI, d’fhógair Grúpa an BEI go raibh Plean Gníomhaíochta an BEI chun tacú le tithíocht le seoladh go luath, lena n‑áirítear tairseach nua ilfhreastail chun comhairle agus maoiniú a chur ar fáil chun tacú le nuálaíocht san earnáil foirgníochta, tithe inacmhainne a thógáil agus infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh agus in athchóiriú an tsoláthair tithíochta ar fud na hEorpa. Tá luach thart ar €10 billiún d’infheistíochtaí beartaithe ag an BEI as seo go ceann dhá bhliain.
  • Tá idir Phlean Gníomhaíochta an BEI agus an tairseach ilfhreastail ina gcodanna tábhachtacha den ardán uile‑Eorpach infheistíochta a bhfuil an Coimisiún Eorpach agus an BEI ag obair air agus atá oscailte do pháirtithe eile amhail bainc náisiúnta spreagtha agus institiúid idirnáisiúnta airgeadais.

Tá an Coimisiún Eorpach agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an BEI) ag dul i bpáirt le bainc náisiúnta spreagtha na hEorpa agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais chun deiseanna nua maoinithe a fhorbairt le haghaidh tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe ar fud na hEorpa. Ag Fóram Ghrúpa an BEI i Lucsamburg inniu, leag Uachtarán Ghrúpa an BEI, Nadia Calviño, agus an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh agus Tithíocht, Dan Jørgensen, béim ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le ceann de na nithe is mó is údar imní do shaoránaigh agus do rialtais san Aontas Eorpach. Mhol siad brú uile‑Eorpach chun gníomhaithe áitiúla agus náisiúnta, poiblí agus príobháideacha a thabhairt le chéile d’fhonn maoiniú agus gníomhaíocht phráinneach a spreagadh faoin bPlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne atá le teacht ón gCoimisiún.

Tagann a ngairm chun gnímh tráth a bhfuil Grúpa an BEI ag cur na dlaoi mullaigh ar Phlean Gníomhaíochta um Thithíocht Inacmhainne agus Inbhuanaithe, ina leagtar amach pleananna le luach thart ar €10 billiún d’infheistíochtaí a dhéanamh as seo go ceann dhá bhliain. Tacóidh Plean an BEI le hiarrachtaí áitiúla agus náisiúnta chun tithe níos inacmhainne a thógáil, an soláthar tithíochta atá ann cheana a athchóiriú chun bheith níos tíosaí ar fhuinneamh agus úsáid ábhair agus trealaimh tógála atá níos inbhuanaithe agus níos nuálaí a spreagadh. Sheol an BEI tairseach tithíochta freisin – ionad ilfhreastail chun tacú leis na tairbhithe deiridh teacht ar chomhairle agus maoiniú. Is é is aidhm le hinfheistíocht Ghrúpa an BEI ná 1.5 milliún aonad tithíochta nua nó athchóirithe a chur ar fáil ar fud na hEorpa. Mar bhonn faoin ardán uile‑Eorpach infheistíochta, a bheidh ar oscailt do pháirtithe eile ar nós bainc náisiúnta spreagtha agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, tá Plean Gníomhaíochta an BEI agus an tairseach. Tá curtha in iúl ag Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa freisin gur spéis leis a bheith páirteach.

Ag labhairt di ag ócáid speisialta ar cheist na tithíochta dar teideal “Infheistiú in Eoraip Níos Inbhuanaithe agus Níos Sábháilte” ag Fóram Bliantúil Ghrúpa an BEI, bhí an méid seo le rá ag an Uachtarán Nadia Calviño : “Is mian le gach teaghlach agus gach pobal san Eoraip a bheith in ann teach compordach, teolaí a bheith ar a n‑acmhainn acu. Is dualgas sóisialta agus dúshlán fioscach é ár gcion féin a dhéanamh chun é sin a dhéanamh dár gcuid saoránach. Is é an bonn faoi aon gheilleagar táirgiúil é chomh maith. Sin é an fáth a bhfuilimid ag Grúpa an BEI agus ag an gCoimisiún Eorpach ag obair ar lánluas ar thionscnamh uile‑Eorpach a bheidh oscailte do pháirtithe eile.”

Ag tús a chuid cainte ag Fóram Ghrúpa an BEI, dúirt an Coimisinéir um Fhuinneamh agus Tithíocht, Dan Jørgensen: “Caithfear tithíocht níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe a chinntiú mar bheart práinne. Cuirfidh an Coimisiún ar chumas na mBallstát cistí comhtháthaithe le haghaidh tithíocht inacmhainne a mhéadú agus cinnteoidh gur fearr a thacóidh na rialacha maidir le státchabhair lenár sprioc chun tithíocht níos inacmhainne a bhaint amach. Tá méid suntasach maoinithe á ghríosú ag an Aontas Eorpach cheana féin (tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuir i gcás), ach ní stopfaimid ansin. Inniu táimid ag cur tús leis an gcomhar leis an BEI, le bainc náisiúnta spreagtha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais i dtreo ardán uile‑Eorpach infheistíochta arb aidhm leis tuilleadh maoiniú poiblí agus príobháideach a mhealladh le haghaidh tithíochta. Agus, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, rachaimid i gcomhairle leis na Ballstáit, le cathracha, le réigiúin agus le gach páirtí leasmhar chun an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne a chur i bhfeidhm ina iomláine.”

I suirbhé infheistíochta Ghrúpa an BEI, atá bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó thart ar 13,000 fiontar beag agus meánmhéide Eorpach, tá an easpa tithíochta inacmhainne san Eoraip, go háirithe i gcathracha móra, tagtha chun cinn mar ní is údar imní atá ag méadú ó thaobh fhás geilleagrach agus táirgiúlacht na hEorpa de. Tugtar chun suntais chomh maith sa tuarascáil, a cuireadh i láthair an tseachtain seo ag an bhFóram, go bhfuil táirgiúlacht íseal agus nuálaíocht neamhleor ina laincis ar earnáil foirgníochta na hEorpa, rudaí a chuireann le costas tionscadal tithíochta agus leis an am a dtógann sé iad a chríochnú. Ag an am céanna, tá costais fuinnimh agus tionchar astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ina gcúis imní. Nuair a chuirtear sa mheá go n‑úsáideann an gnáth‑theaghlach dhá thrian dá chuid fuinnimh chun an teach a théamh agus go bhfuil 46 milliún Eorpach i ngreim ag an mbochtaineacht ó thaobh fuinnimh de, ní haon ionadh go bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh sholáthar tithíochta na hEorpa ina príomhfhócas.

Ag obair dó as lámha a chéile leis an gCoimisiún agus leis an Tascfhórsa nua um Thithíocht i gcomhthéacs an Phlean Eorpaigh um Thithíocht Inacmhainne, chomh maith leis na Ballstáit, na réigiúin, na cathracha, bainc náisiúnta spreagtha agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, tá sé mar aidhm ag Grúpa an BEI cur go mór leis an soláthar tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe san Aontas Eorpach. Is ar cheithre cholún atá an cur chuige bunaithe, a bheidh mar bhonn ginearálta faoi na bearta a bhfuil cur síos déanta orthu thíos:

  • Comhpháirtíochtaí leis an gCoimisiún Eorpach agus le bainc náisiúnta spreagtha/le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais chun teacht ar mhaoiniú agus ar chomhairle a éascú ar bhealach a chuireann leis na struchtúir agus leis na táirgí atá ann cheana féin.
  • Ar fud an Aontais Eorpaigh: scóip réigiúnach na tacaíochta ó Ghrúpa an BEI a leathnú le béim ar thíortha den Aontas Eorpach nach bhfuil a gcórais tithíochta chomh haibí céanna agus nach bhfuil riachtanais mhóra á gcomhlíonadh iontu. Cuirfidh gné chomhairleach fheabhsaithe leis an maoiniú sna háiteanna sin chomh maith.
  • Cur chuige an tslabhra breisluacha: glacadh le cineálacha nua tionscadal tithíochta – idir nuálaíocht san fhoirgníocht, forbairt eastáit réadaigh agus úinéireacht, le cosaintí beartais.
  • Spreagadh na hearnála príobháidí: glacadh le tionscnóirí príobháideacha brabúis mar chliaint.

I mí Iúil 2024, d’eagraigh Tascfhórsa nuabhunaithe Ghrúpa an BEI um Thithíocht imeacht tosaigh a raibh thart ar 300 páirtí leasmhar poiblí agus príobháideach ann chun plé a dhéanamh ar na bealaí a bhféadfaí tuilleadh tacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil faoi chomhair tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe ar fud an Aontais Eorpaigh. I ndiaidh an imeachta, reáchtáladh cruinnithe teicniúla le páirtithe leasmhara san fhómhar d’fhonn cruth a chur ar ardán uile‑Eorpach infheistíochta i bpáirt leis an gCoimisiún.

Tá an Coimisiún Eorpach i mbun gnímh cheana féin ar cheist na tithíochta, le tacaíocht tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, trí Chistí Beartais Comhtháthaithe, trí InvestEU, trí LIFE agus tríd an gclár Fís Eorpach, i measc nithe eile.

Mar a leagadh amach i litir mhisin an Choimisinéara Jørgensen, foilseoidh an Coimisiún an chéad Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne riamh. Cuirfear cúnamh teicniúil ar fáil faoin bplean do chathracha agus do Bhallstáit, agus beidh sé dírithe ar infheistíocht agus ar na scileanna atá ag teastáil. Forbróidh an Coimisiún go háirithe Straitéis Eorpach um Fhoirgníocht Tithíochta d’fhonn cur leis an soláthar tithíochta, bunóidh ardán uile‑Eorpach infheistíochta um thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe, déanfaidh anailís ar thionchar na hamhantraíochta i dtithe, tacóidh leis na Ballstáit na hinfheistíochtaí beartais comhtháthaithe atá beartaithe i réimse na tithíochta inacmhainne a mhéadú faoi dhó, rachaidh i ngleic le fadhbanna córasacha leis an gcóiríocht ar cíos ar bhonn gearrthéarmach, déanfaidh moltaí chun dul i ngleic le húsáid neamhéifeachtúil an tsoláthair reatha tithíochta agus déanfaidh athbhreithniú ar rialacha státchabhrach d’fhonn bearta tacaíochta tithíochta a chumasú, go háirithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus tithíocht shóisialta.

Faisnéis chúlra

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh, agus é faoi úinéireacht na mBallstát. Bunaithe ar ocht bpríomhthosaíocht, cuirimid maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí a chuireann le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh trí chur le gníomhú ar son na haeráide agus comhshaol, le digitiú agus nuálaíocht teicneolaíochta, le slándáil agus cosaint, le comhtháthú, le talmhaíocht agus bithgheilleagar, le bonneagar sóisialta agus le haontas na margaí caipitil – infheistíochtaí a dhéanfaidh an Eoraip níos láidre agus an saol mór níos síochánta agus níos saibhre. 

Shínigh Grúpa an BEI, a bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (an CEI) ina chuid de, luach beagnach €89 billiún de mhaoiniú nua le haghaidh breis agus 900 tionscadal ardtionchair in 2024, rud a chuir le hiomaíochas agus slándáil na hEorpa.   

Tá na tionscadail uile a dtugann Grúpa an BEI maoiniú dóibh ag teacht le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, go díreach mar a gheallamar go mbeadh i dTreochlár an Bhainc Aeráide. Tacaíonn beagnach 60% de mhaoiniú bliantúil Ghrúpa an BEI le tionscadail a chuireann go díreach le maolú an athraithe aeráide, le hoiriúnú don athrú aeráide agus le comhshaol níos sláintiúla.   

Ach comhtháthú margaidh a chothú agus infheistíochtaí a spreagadh, thacaigh an Grúpa le ní ba mhó ná luach €100 billiún d’infheistíocht nua ar son shlándáil fuinnimh na hEorpa in 2024, an méid ba mhó riamh, agus spreag luach €110 billiún de chaipiteal fáis do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí i mbun fáis agus do cheannródaithe Eorpacha. Bíonn thart ar leath de mhaoiniú an BEI laistigh den Aontas Eorpach dírithe ar réigiúin chomhtháthaithe, áit a bhfuil an t‑ioncam per capita níos ísle ná an meán san Aontas Eorpach. 

Tá grianghraif ardchaighdeáin agus cothrom le dáta dár gceannáras ar fáil anseo lena n‑úsáid ag na meáin chumarsáide.

Contact

Référence

2025-123-GA

Partager