Más ann d’fhocal ar leith a dhéanann cur síos beacht ar 2024, is é “athrú” an focal sin. Chuaigh breis is dhá bhilliún duine ar fud an domhain ag vótáil, agus tháinig athrú ó bhonn ar an ord domhanda a bhfuil an saol mór bunaithe air le breis is 80 bliain anuas. Is é an t‑athrú ollmhór sin sa pholaitíocht atá anois ag spreagadh teannas trádála, coinbhleachtaí agus cogaidh.
Tá an geilleagar ag athrú chomh maith; tá réabhlóid fuinnimh faoi lán seoil agus borradh ag teacht faoi fhorbairt na hIntleachta Saorga, rudaí a fhágann muid ag ceistiú ár modha maireachtála ó bhun go barr. Bíonn fíor‑dhrochaimsir ann níos minice ná riamh de dheasca an athraithe aeráide agus é ag éirí níos costasaí i gcónaí plé leis na drochiarmhairtí. Ag an am céanna, tá céim nua den aistriú glas ina tús, céim ina bhfuil brabúsacht eacnamaíoch ag dul i méid agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha ag teacht chun cinn.
Cuireann cuid mhaith de na hathruithe sin mearbhall orainn agus tá amhras ann faoi rudaí a ndearnamar talamh slán díobh go dtí seo.
Anois agus muid ag smaoineamh chun cinn ar 2025, ní mór dúinne mar Eorpaigh dul i dtaithí ar an saol nua seo, athchóiriú agus simpliú a dhéanamh ar rudaí nach bhfuil oiriúnach dá bhfeidhm a thuilleadh, gearradh siar ar rómhaorlathas, tacú le daoine agus gnólachtaí agus iad a tharraingt isteach sa chomhrá, agus oibriú as lámha a chéile le comhpháirtithe le teacht ar réitigh.
Is é sin go díreach a bhí ar bun agamsa in 2024. Nuair a thosaigh mé mar cheannaire Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ceann de na hinstitiúidí airgeadais iltaobhacha is mó agus is láidre ar domhan agus eite mhaoinithe an AE, is léir an cuspóir a bhí agam do mo chéad bhliain i mbun oibre: cluas éisteachta a thabhairt agus comhrá a dhéanamh.
Thug mé cuairt ar gach príomhchathair le príomhthosaíochtaí na hEorpa a phlé le hairí airgeadais agus ceannairí rialtais, agus lena fháil amach cén chaoi a ndéanann foirne áitiúla de chuid Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta smaointe nuálacha de bhunadh na hEorpa a athrú ina bhfíorthionscadail agus, ar an gcaoi sin, táirgiúlacht agus teacht aniar ár ngeilleagar agus ár bpobal a neartú.
D’inis comhraiceoirí dóiteáin san Aithin dom faoin gcaoi a n‑úsáideann siad dróin faireachais arna maoiniú ag Grúpa an BEI le dóiteáin foraoise a mhúchadh sula féidir leo imeacht ó smacht. Labhair mé le cónaitheoirí in aonaid tithíochta sóisialta in Valencia agus i mBaile Átha Cliath faoin gcaoi a raibh a saol athraithe chun feabhais de thoradh áit chónaithe a bheith acu. Labhair mé le ceannairí ollscoile sa Niocóis faoi chumhacht bunathraithe an oideachais. Thug mé cuairt ar phríomhthionscadal bonneagair uisce in Barcelona, chomh maith le saotharlanna nuálaithe Eorpacha in Amstardam, i Vársá agus i gCóbanhávan, nuálaithe a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí fiachais fiontair de chuid an BEI le cabhrú leo dlús a chur le taighde ceannródaíoch i dteicneolaíocht na sláinte.
Is údar misnigh dom an méid atá feicthe agus cloiste agam, rud a chuireann ina luí orm go mbeidh leis an Eoraip, agus go bhfuil de chumas ionainn dúshláin a shárú ach cur le chéile le teann díograise. Tá mé cinnte freisin go gcaithfidh na deiseanna le déanamh go maith a bheith scaipthe chomh cothrom céanna ar fud na mór‑roinne leis an tallann atá ann.
Tá Coimisiún Eorpach nua le tús a chur lena chuid oibre an mhí seo, agus mar bhonn faoin saothar beidh na tuarascálacha is déanaí ó chuid de na ceannairí smaointe is mó a bhfuil meas orthu ar an mór‑roinn, leithéidí Mario Draghi agus Enrico Letta. Oibreoidh Grúpa an BEI go dlúth leis an gCoimisiún agus díreoidh infheistíochtaí ar ocht bpríomhthosaíocht lena dtacaíonn ár gcuid scairshealbhóirí, is é sin le rá 27 mBallstát an AE.
Agus mé ag tabhairt cuairt ar phríomhchathracha an Aontais Eorpaigh, chuir na ceannairí in iúl dom an méid a bhfuil súil acu leis ó Ghrúpa an BEI. D’iarr siad orainn coinneáil orainn ag déanamh mar is dual dúinn: tacú go díreach le hinfheistíocht agus maoiniú príobháideach a spreagadh. D’iarr siad orainn an fód a sheasamh mar an Banc Aeráide, níos mó a infheistiú sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht ar a mbraitheann ár n‑iomaíochas, sa chomhtháthú, sa tithíocht inacmhainne, sa talmhaíocht agus san uisce, chomh maith le tacú le tionscal slándála agus cosanta na hEorpa. Tá na rudaí sin go léir idir lámha cheana, agus trí thosaíocht ar leith ann do 2025.
Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn fadhb na hilroinnte a shárú. Is mithid dúinn ár margaí a chomhtháthú go hiomlán, agus dreasachtaí, ionstraimí agus creat soiléir a thabhairt isteach le caipiteal na hEorpa a dhíriú i dtreo infheistíochtaí táirgiúla. Ní mór dúinn cabhrú le comhlachtaí, smaointe agus teicneolaíochtaí de bhunadh an AE fás agus fanacht san Eoraip.
Ar an dara dul síos, ní mór dúinn an chaoi a n‑oibríonn an AE a shimpliú agus na hualaí riaracháin a laghdú a chuireann bac ar infheistíocht i dtionscadail a fheabhsaíonn saol na ndaoine agus a neartaíonn ár bpobail.
Ar an tríú dul síos, ní mór dúinn tuilleadh maoinithe a chur ar fáil le tacú lenár slándáil agus teacht aniar comhchoiteann, mar aon le dlús a chur le táirgiúlacht agus le fás na hEorpa.
Tá na trí phointe sin ag teacht le tosaíochtaí an Choimisiúin nua, agus tá tacaíocht acu ó rialtais an AE. Is iadsan a bheidh mar réalta eolais ag obair Ghrúpa an BEI, mar nuair a oibríonn na húdaráis fhioscacha agus rialála as lámha a chéile leis na huirlisí airgeadais atá againn, is féidir leis an Eoraip an aontacht a chothú in ainneoin na héagsúlachta.
Tá uair na cinniúna buailte linn san Eoraip agus is iad na roghanna a dhéanfaimid anois a shocróidh ár n‑áit san ord domhanda nua. Tá cúiseanna maithe againn le bheith muiníneach. Bíonn an daonlathas breá láidir fad is a chuireann na daoine iontaoibh ina láidreachtaí. Ar an taobh eile den scéal, is ar an éadóchas agus ar an easaontas a chothaíonn an t‑antoisceachas é féin.
Is cuma na dúshláin a bheidh le sárú, níl aon amhras ach go bhfuil an tAontas Eorpach meáite ar shaol níos sláine, níos rathúla agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do na saoránaigh ar fad. Beidh ról straitéiseach ag Grúpa an BEI san iarracht chomhchoiteann sin – mar chrann taca ar son saol níos fearr – ag déanamh a chion féin le tuilleadh deiseanna agus deiseanna níos fearr a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.
Tuairisciú na meán ar an alt seo
- Salzburger Nachrichten: Europa in einer Welt im Wandel
- 24 Chasa: Европа е на кръстопът. Кои са трите точки в компаса на ЕИБ
- Hospodarske noviny: Prezidentka Evropské investiční banky pro HN: Jak se Evropa vyrovnává s novými výzvami a co chystá pro příští rok? | Hospodářské noviny (HN.cz)
- Bloomberg Adria_Croatia: Nadia Calviño: Tri stvari su ključne za Europu u svijetu koji se mijenja | Bloomberg Adria
- Postimees: NADIA CALVIÑO ⟩ Euroopa investeerimispank kaasab ka Eestit
- Börsen Zeitung: Europa in einer Welt im Wandel | Börsen-Zeitung
- Delfi buzines: Nadja Kalviņjo: Mums jāpalīdz Eiropā radītiem uzņēmumiem, idejām un tehnoloģijām augt un palikt ES
- Times of Malta: Europe in a changing world
- AD: Opinie Europese Investeringsbank: ‘EU moet meebewegen in veranderende wereld’ | Opinie | AD.nl
- Expresso: A Europa num mundo em mudança - Expresso
- Bursa: Europa într-o lume în schimbare - 06.12.2024 | BURSA.RO
- Hospodarske noviny: Prezidentka Evropské investiční banky pro HN: Jak se Evropa vyrovnává s novými výzvami a co chystá pro příští rok? | Hospodářské noviny (HN.cz)
- Finance Business Daily: https://www.finance.si/manager/evropa-v-spreminjajocem-se-svetu/a/9029682