Agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar na bacáin, beidh go leor daoine ag fiafraí díobh féin céard atá déanta ag an Aontas Eorpach ar a son ó bhí na toghcháin dheireanacha ann in 2019. Seo cuid de na buaicphointí

An mhí seo, rachaidh na céadta milliún toghthóirí amach ag vótáil sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, agus beidh go leor acu siúd ag fiafraí díobh féin céard atá déanta ag an Aontas Eorpach ar a son ó bhí na toghcháin dheireanacha ann in 2019.

Is rud ar leith é sa stair gur roghnaigh 27 tír a gcuid flaithis a chomhroinnt agus comhpháirtíocht eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil a fhorbairt atá bunaithe ar luachanna coiteanna na síochána, an cheartais, an mheasa agus na dlúthpháirtíochta. Éacht thar na bearta é nár cheart dúinn talamh slán a dhéanamh de, go háirithe nuair atá an oiread sin daoine ar fud na cruinne fós ag lorg na saoirse lena rialtas féin a roghnú ó raon iarrthóirí agus páirtithe éagsúla.

Tráth a bhfuil an gheopholaitíocht ina cíor thuathail, tá an t-ord domhanda a ndearnamar ár gcion féin le hé a thógáil – agus atá ag fónamh go maith dúinn le 80 bliain anuas – faoi bhagairt. Bíodh sin mar atá, is é fírinne an scéil gurb iad na dúshláin is mó atá romhainn, cibé acu a bhaineann siad leis an tslándáil, leis an tsláinte, leis an digitiú nó leis an athrú aeráide, na cinn a gcaithfimid cur le chéile le haghaidh a thabhairt orthu. Léiriú í an taithí atá againn san Eoraip nach neart go cur le chéile, agus go n-éiríonn linn nuair a dhéanaimid beart de réir trí phrionsabal: aontacht, díograis agus dlúthpháirtíocht.

Is iomaí rud atá tarlaithe ón uair dheireanach a chuaigh an Eoraip ag vótáil, rudaí a tharraingíonn aird ar an luach a chuireann an tAontas Eorpach leis an saol ó lá go lá. Nuair a tháinig an phaindéim, ní haon áibhéil a rá gur tarrtháladh daoine ón mbás toisc go bhfuair gach saoránach rochtain ar vacsaíní, agus chuaigh an chaoi ar roinneamar acmhainní eacnamaíocha agus airgeadais chun tairbhe dúinn go léir.

Mar shampla, chuir an Banc Ceannais Eorpach leachtacht ar fáil lenár gcórais airgeadais a chosaint; chabhraigh Clár SURE an Choimisiúin Eorpaigh (Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gCás Éigeandála) le tíortha poist a chosaint ar fud an Aontais Eorpaigh; agus chuir Ciste Eorpach Ráthaíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le córais tacaíochta náisiúnta chun fiontair bheaga agus mheánmhéide agus leis an éiceachóras gnó go ginearálta a chosaint. Fiú anois, tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag spreagadh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí is gá le téarnamh láidir a bhaint amach, agus leis na haistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn.

Ó neart go neart

I mbeagán focal, tá an tAontas Eorpach ag dul ó neart go neart.

Ní hamháin gur thug sé rathúnas, síocháin, cobhsaíocht agus dul chun cinn sóisialta chuig pobal mór Eorpach, ach tá sé ina chrann taca ar son na maithe móire ar fud an domhain freisin. Príomhfhoinse cúnaimh dhaonnúil agus maoinithe forbartha é, a labhraíonn amach go láidir ar son na n-institiúidí iltaobhacha a choinníonn an córas airgeadais domhanda cobhsaí agus a thacaíonn go diongbháilte leis na tíortha is leochailí dá bhfuil ann.

Táim bródúil as an ról lárnach a bhí ag Grúpa an BEI sna torthaí sin a bhaint amach. Gan ach €22 billiún ($24 billiún) de chaipiteal íoctha a bheith againn, d’éirigh linn ní ba mhó ná luach €5 thrilliún d’infheistíocht a spreagadh. Thacaigh an t-airgead sin le bonneagar iompair agus fuinnimh den chéad scoth, le hospidéil, le scoileanna, le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud an Aontais Eorpaigh, le teicneolaíochtaí ardnuálacha agus le cuid mhaith gnólachtaí nua-thionscanta a bhí ag fás go tapa, rudaí iad ar fad a thacaíonn leis na haistrithe glasa agus digiteacha agus a threisíonn ár neamhspleáchas straitéiseach agus ár slándáil araon.

Gan ach beagán a lua, thacaigh Grúpa an BEI le forbairt vacsaíní san Aontas Eorpach nuair a thug sé iasacht do BioNTech, an comhlacht ar éirigh leis an t-ardán ceannródaíoch mRNA a fhorbairt nuair ba mheasa an phaindéim. Táimid ag maoiniú na monarchan grianphainéal is mó san Iodáil, na chéad gigeamhonarchan ceallraí atá bunaithe ar an táirgeadh ciorclach sa tSualainn agus feirmeacha gaoithe móra amach ón gcósta sna réigiúin Bhaltacha agus Nordacha. Thugamar maoiniú chomh maith do ghléasra nuálach déantúsaíochta sliseanna sa Fhrainc, d’iarrachtaí leis an tionscal trom a dhícharbónú sa Ghearmáin, do thionscadail agus bonneagar nua hidrigine glaise ar Leithinis na hIbéire, agus d’uasghrádú ar líonra tarchurtha leictreachais na Polainne.

Borradh ar infheistíocht

Ó bunaíodh siar in 1958 é, tá Grúpa an BEI ag cur maoiniú ar fáil le tacú le beartais an Aontais Eorpaigh agus á fhorbairt féin le freastal ar riachtanais Eorpacha. Táim cinnte dearfa de go bhfuilimid ag maoiniú na dteicneolaíochtaí anois a mbeidh geilleagar neodrach éifeachtach bunaithe orthu amach anseo agus a bheidh ríthábhachtach le dlús a chur leis an digitiú agus leis an nuálaíocht.

Ach ní hin le rá nach bhfuilimid chomh diongbháilte céanna tacú leis an talmhaíocht san Eoraip, cuidiú lenár dtionscail na deiseanna atá ann cheana a thapú, iomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a neartú, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail costais tithíochta (ceist atá tábhachtach do dhaoine i bhformhór na mBallstát). Óir go bhfuil sé léirithe arís is arís eile ag Grúpa an BEI go bhfuil an mianach ceart ann, táim lánchinnte de go mbeidh ról tábhachtach againn chomh maith maidir le tacú leis an gcéad chéim eile de mhéadú an Aontais Eorpaigh agus cur le tionchar na hEorpa ar an ardán domhanda.

Muinín agus dlúthpháirtíocht

Léiriú é a chorraí atá an saol ó bhí na toghcháin dheireanacha ann cúig bliana ó shin nach lú den Eoraip atá ag teastáil uainn anois ach a mhalairt ar fad. Tá an tAontas Eorpach ag teastáil uainn ar mhaithe lenár slándáil, lenár gcobhsaíocht agus lenár rathúnas. Agus pobalóirí ag gealladh réitigh éasca agus ag éileamh go ngearrfaí siar ar an dlúthpháirtíocht, ní mór dúinn cuimhneamh ar a ndéanann an tAontas Eorpach ar ár son gach uile lá beo.

Tá ord nua geopholaitiúil ag teacht chun cinn, agus rath na hEorpa faoi bhagairt. Is iad ár gcinntí sa bhosca ballóide a shocróidh na tosaíochtaí agus an ról a bheidh ag an Aontas Eorpach tráth a bhfuil cor cinniúnach roimh an saol mór.

Creidim gur cheart go mbeadh an toghchán seo ina vóta muiníne san Eoraip agus i bprionsabal na dlúthpháirtíochta. Na hinstitiúidí a bhfuil ár síocháin agus ár rathúnas ag brath orthu le fada an lá agus atá fós ina léaró dóchais agus maitheasa sa domhan, ní mór dúinn iad a threisiú. Déanaimis ár luachanna Eorpacha a chosaint. Dírímis ar a bhfuil tábhachtach i ndáiríre. Tuigimis a gciallaíonn an tAontas Eorpach ó thaobh na slándála, an leasa agus an rathúnais de ar fud na mballstát go léir. Agus ansin úsáidimis ár vóta!



Is é Project Syndicate a d’fhoilsigh an t-alt seo den chéad uair.