Search En menu en ClientConnect
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages

1. Cur síos ar an oibríocht phróiseála

Is ionann Imscrúduithe arna stiúradh ag Rannóg Imscrúduithe Calaoise Ghrúpa BEI (“IG/IN”) agus imscrúduithe riaracháin chun críche calaois, caimiléireacht agus aon iompar toirmiscthe eile[1] a bhrath agus a chosc, a théann i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí Ghrúpa BEI. Is iad an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta atá i nGrúpa BEI.

An bonn dlíthiúil faoin oibríocht phróiseála:

  • Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”);
  • Airteagal 18 de Reacht BEI agus airteagail 2 agus 28 de Reachtanna an Chiste Eorpaigh Infheistíochta;
  • Rialachán (AE, EURATOM) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
  • Cinneadh ó Bhord Gobharnóirí BEI an 27 Iúil 2004 maidir le comhoibriú BEI le OLAF;
  • An beartas um iompar toirmiscthe a chosc agus a dhíspreagadh i ngníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an beartas um iompar toirmiscthe a chosc agus a dhíspreagadh i ngníomhaíochtaí an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (“Beartais Frithchalaoise BEI agus CEI”).

2. Cén fhaisnéis phearsanta a bhailímid, céard is cuspóir leis sin, agus céard iad na modhanna teicniúla ar a mbailítear an fhaisnéis sin?

I gcomhthéacs a imscrúduithe, baileoidh IG/IN sonraí aitheantais, sonraí gairmiúla agus sonraí maidir leis na daoine a bhaineann le cásanna. Féadfar úsáid a bhaint as na sonraí sin chun líomhaintí maidir le hIompar Toirmiscthe a mheas, agus chun a dhéanamh amach an ndearnadh aon mhí-iompar nó éagóir. Féadfar úsáid a bhaint astu freisin chun críocha teagmháil a dhéanamh le daoine.

Féadfar na sonraí a bhailiú de bhun tuairisc arna tabhairt ag ball foirne de chuid Ghrúpa BEI nó ag faisnéiseoir seachtrach, lena n-áirítear foinsí gan ainm nó foinsí rúnda, agus ar bhonn faisnéis atá ar fáil go poiblí. Féadfar na sonraí a bhailiú ar mhodh ar bith a ndéantar foráil dó i mBeartais Frithchalaoise BEI agus CEI, lena n-áirítear trí rochtain a fháil ar aon fhaisnéis, cáipéisíocht agus áitreabh ábhartha de chuid Ghrúpa BEI agus/nó na dtionscadal arna maoiniú ag Grúpa BEI, agus trí fhaisnéis ó bhéal a iarraidh ar dhuine ábhartha ar bith.

Bainfidh an fhianaise arna bailiú leis an ábhar atá á imscrúdú agus baileofar chun críche an imscrúdaithe í; beidh san áireamh inti fianaise inchoiritheach agus shaorthach araon.

3. Cé hiad na daoine a mbíonn rochtain acu ar do chuid faisnéise agus cé dóibh a nochtar í?

Bíonn rochtain ag foireann fhreagrach de chuid IG/IN ar do chuid sonraí. Ina theannta sin, féadfar do chuid sonraí a aistriú chuig daoine ainmnithe i nGrúpa BEI, in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí den Aontas Eorpach, in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus/nó sna húdaráis ábhartha i mBallstáit, i dtíortha is iarrthóir nó i dtríú tíortha chun stiúradh cuí an imscrúdaithe a áirithiú agus i gcomhréir le hAirteagail 4 go 6, 9 go 11 agus 47 go 50 de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

4. Cén chaoi ndéanaimid do chuid faisnéise a chosaint?

Chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm.

Tá áitribh IG/IN ina gcuid de limistéar fisiciúil daingnithe nach mbíonn rochtain ach ag foireann IG/IN agus seirbhísí slándála orthu d’fhonn aon rochtain neamhúdaraithe ar threalamh agus sonraí a chosc. Tagann na córais TF a úsáideann IG/IN faoi réir bheartas slándála TF BEI, áit a leagtar amach bearta chun bonneagair agus córais TF BEI a chosaint. Ina theannta sin, áirítear leis na bearta riaracháin an dualgas go síneodh soláthróirí seirbhís comhaontuithe neamhnochta agus rúndachta.

5. Cá fhad a choinneoimid do chuid sonraí?

Féadfaidh sé go gcoinneofar do chuid sonraí pearsanta i gcáschomhaid de chuid IG/IN go ceann cúig bliana ar a laghad agus go ceann suas le deich mbliana tar éis dhúnadh an imscrúdaithe. Murar tugadh bunús leis na líomhaintí ábhartha, ní fhéadfar do chuid sonraí pearsanta a choinneáil ach go ceann suas le cúig bliana ar a mhéad tar éis dhúnadh an cháis.

6. Cén chaoi ar féidir leat do chuid faisnéise a fhíorú, a mhionathrú nó a scriosadh?

Tá sé de cheart agat rochtain ar na sonraí atá againn maidir leat, iad a chur ina gceart agus (i gcúinsí áirithe) srian a chur lena bpróiseáil. Féadfaidh tú na cearta sin a chleachtadh ach teagmháil a dhéanamh le BEI nó le CIE, a fheidhmíonn mar an rialaitheoir sonraí i gcomhthéacs a n-imscrúduithe faoi seach, ag an seoladh r-phoist seo: investigations@eib.org. Ar iarratas agus tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis fháil an iarratais sin, tá sé de cheart agat cóip a fháil de na sonraí pearsanta a bhaineann leatsa atá á bpróiseáil. I gcás imscrúduithe de chuid BEI, féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag díolúintí agus srianta faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoin gcinneadh ábhartha de chuid BEI. Tá an cinneadh ábhartha de chuid BEI le fáil anseo.

7. Ceart cúitimh

Tá ceart cúitimh agat chuig an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu) ag tráth ar bith má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta ag IG/IN.

Sula dtionscnóidh sé an nós imeachta sin, féadfaidh an duine is ábhar do na sonraí teagmháil a dhéanamh le Ceann IG/IN (Investigations@eib.org), atá freagrach as an bpróiseáil, le hOifigeach BEI um Chosaint Sonraí (DataProtectionOfficer@eib.org) nó le hOifigeach CEI um Chosaint Sonraí (dpo@eif.org), de réir mar a bheidh.


[1] Tugtar sainmhíniú ar iompar toirmiscthe i mBeartais Frithchalaoise BEI agus CEI, atá le fáil ar láithreáin ghréasáin BEI agus CEI.