Recherche Fr menu fr ClientConnect
Recherche
Résultats
5 premiers résultats de la recherche Voir tous les résultats Recherche avancée
Recherches les plus fréquentes
Pages les plus visitées

1. Rialaitheoir

Tugtar sa ráiteas seo um chosaint sonraí faisnéis maidir le críoch na próiseála arna déanamh ag Rannóg Imscrúduithe Ghrúpa BEI (“IG/IN”), dá ngairtear “BEI” nó “muid” ina dhiaidh seo, agus imscrúduithe á seoladh chun críche calaois, caimiléireacht agus aon iompar toirmiscthe eile a théann i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí Ghrúpa BEI a bhrath agus a chosc.

I gcúrsa na gníomhaíochta sin, níl baint ar bith ag an gcinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh, le próiseáil na sonraí pearsanta.

2. Críoch na próiseála

Tugtar sa ráiteas seo um chosaint sonraí faisnéis maidir le críoch na próiseála a dhéanann BEI agus imscrúduithe á ndéanamh ar iompar toirmiscthe agus cineálacha eile mí-iompair. Déanann BEI tascanna i bhfeidhmiú an údaráis atá dílsithe dó de réir fhorálacha na gConarthaí agus a Reachta.

Déanann BEI do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil de réir mar is gá ionas go bhféadann sé imscrúduithe a sheoladh agus a bhainistiú, ar bhealach réasúnta agus cuí, de réir na ndlíthe agus na rialachán is infheidhme. Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (dá ngairtear, an Rialachán AE) anseo ina dhiaidh seo), agus go háirithe Airteagal.

Go sonrach, déanann BEI na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche/na gcríoch thíos de réir mar a thuairiscítear sa taifead é: Déanann IG/IN líomhaintí inchreidte maidir le hiompar toirmiscthe ar oibríochtaí atá maoinithe ag Grúpa BEI a imscrúdú agus déanann Athbhreithnithe Réamhghníomhacha Ionracais (ARInna) ar aon oibríocht nó gníomhaíocht de chuid Ghrúpa BEI mar a shainmhínítear i mBeartas Frithchalaoise Ghrúpa BEI. Déanann IG/IN imscrúduithe inmheánacha ar sháruithe líomhnaithe ar Chód Iompair Foirne Ghrúpa BEI agus ar Bheartas Ghrúpa BEI maidir leis an Dínit san Ionad Oibre. Seolann IG/IN na himscrúduithe ar bhonn Nósanna Imeachta Imscrúdaithe BEI . Is imscrúduithe riaracháin iad na himscrúduithe a sheolann IG/IN.

3. Bunús dlí na próiseála

An bonn dlíthiúil faoin oibríocht phróiseála

  • Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
  • Airteagal 18 de Reacht BEI agus Airteagail 2 agus 28 de Reachtanna CEI;
  • Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 an 18 Iúil 2018;
  • Cinneadh ó Bhord Gobharnóirí BEI an 27 Iúil 2004 maidir le comhoibriú BEI le OLAF;
  • Beartas Frithchalaoise Ghrúpa BEI;
  • Cairt Rannóg Imscrúduithe Calaoise Ghrúpa BEI.

Beartais eile de chuid BEI a bhaineann le hábhar:

4. Catagóirí daoine is ábhar do na sonraí

D’fhéadfadh na catagóirí daoine aonair (daoine is ábhar do shonraí) seo a leanas a bheith i gceist leis an bpróiseáil faoi airteagal 2 thuas:

Na daoine is ábhar do na sonraí: - Daoine aonair a bhfuil baint acu le cás atá á imscrúdú ag BEI nó a bhfuil ARI á dhéanamh orthu ag BEI; - Daoine aonair a bhfuil gaol acu leis an duine aonair atá ainmnithe mar chuid d’imscrúdú de chuid Ghrúpa BEI; - Daoine aonair atá cláraithe i gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh an Choimisiúin (EDES).

Catagóirí eile daoine is ábhar do na sonraí: - Tionscnóirí, iasachtaithe, conraitheoirí, soláthraithe, tairbhithe, sainchomhairleoirí, idirghabhálaithe, gníomhairí, comhairleoirí nó páirtithe leasmhara eile i dtionscadal arna mhaoiniú ag Grúpa BEI agus cleamhnaithe dá gcuid; - Fothairgeoirí, conraitheoirí, soláthraithe, soláthraithe seirbhíse agus daoine nó eintitis eile arna soláthar ag Grúpa BEI ar a gconlán féin agus a gcuid fochonraitheoirí, más ann dóibh; - Baill comhlachtaí rialaithe agus baill foirne Ghrúpa BEI.

5. Céard iad na sonraí pearsanta a ndéanaimid próiseáil orthu?

I gcomhthéacs a imscrúduithe, baileoidh IG/IN sonraí aitheantais, sonraí gairmiúla agus sonraí maidir leis na daoine a bhaineann le cásanna. Féadfar úsáid a bhaint as na sonraí sin chun líomhaintí maidir le hiompar toirmiscthe a mheas, agus chun a dhéanamh amach an ndearnadh aon mhí-iompar nó éagóir. Féadfar úsáid a bhaint astu freisin chun críocha teagmháil a dhéanamh le daoine.

Go sonrach, is iad seo a leanas na catagóirí sonraí a fhéadfar a phróiseáil:

  • Sonraí aitheantais an duine is ábhar do na sonraí;
  • Sonraí rannpháirtíochta cáis, amhail líomhaintí, achoimre ar fhíorais agus fianaise a bhaineann leis an iompar toirmiscthe nó le mí-iompar eile a raibh baint ag an duine is ábhar do na sonraí leis, ráitis agus taifid arna ndéanamh ag daoine aonair nó arna lua le daoine aonair i gcomhthéacs imscrúdú nó ARI, cumarsáidí nó nótaí ina luaitear an duine is ábhar do na sonraí i ndáil leis na teagmhais atá faoi imscrúdú, faisnéis a bhaineann le caidrimh phearsanta;
  • Sonraí gairmiúla amhail poist, feidhmeanna agus eagraíochtaí duine aonair (idir reatha agus stairiúil);
  • Aon chinntí eisiata/toirmisc a bhaineann leis an duine is ábhar don imscrúdú agus tagairtí don údarás a d’eisigh an cinneadh eisiata/toirmisc.

6. Cá bhfaighimid do chuid sonraí pearsanta?

Féadfar na sonraí a bhailiú de bhun tuairisc arna tabhairt ag ball foirne de chuid Ghrúpa BEI nó ag faisnéiseoir seachtrach, lena n-áirítear foinsí gan ainm nó foinsí rúnda, agus ar bhonn faisnéis atá ar fáil go poiblí agus i gcomhthéacs na ARInna a bhforáiltear dóibh in airteagal 62 agus in airteagal 63 de Bheartas Frithchalaoise Ghrúpa BEI. Féadfar na sonraí a bhailiú ar mhodh ar bith a ndéantar foráil dó i mBeartais Frithchalaoise Ghrúpa BEI, lena n-áirítear trí rochtain a fháil ar aon fhaisnéis, cáipéisíocht agus áitreabh ábhartha de chuid Ghrúpa BEI agus/nó na dtionscadal arna maoiniú ag Grúpa BEI, agus trí fhaisnéis ó bhéal a iarraidh ar dhuine ábhartha ar bith.

7. Cé dó a nochtar do chuid sonraí?

Bíonn rochtain ag foireann fhreagrach de chuid IG/IN ar do chuid sonraí.

Ina theannta sin, féadtar do chuid sonraí a aistriú chuig daoine ainmnithe laistigh de Ghrúpa BEI, mar aon le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí den Aontas Eorpach, in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus/nó sna húdaráis ábhartha i mBallstáit, i dtíortha is iarrthóir nó i dtríú tíortha chun stiúradh cuí an imscrúdaithe a áirithiú agus i gcomhréir le hairteagail 4 go 6, 9 go 11, agus 47 go 50 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Aon sonraí a bhaileofar, féadfar iad a sholáthar d’údaráis dá bhforáiltear sa dlí (OIPE/OLAF/CIE/MECS/OMBUDSMAN/CBAE/cúirteanna náisiúnta) agus féadfaidh na húdaráis sin iad a rochtain. Údaráis phoiblí a d’fhéadfadh sonraí pearsanta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit faoi chuimsiú imscrúdú áirithe, ní mheasfar iad a bheith ina bhfaighteoirí. Beidh próiseáil na sonraí sin ag na húdaráis phoiblí sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir chríocha na próiseála.

Caithfidh IG/IN na daoine ábhartha ina chuid imscrúduithe a chur ar an eolas ina n-aonar: faisnéiseoirí, finnéithe agus daoine lena mbaineann. I gcás gach Duine Eile is Ábhar do Shonraí, foilsítear fógra príobháide ar an idirlíon chun an dualgas a chomhlíonadh.

8. Aistrithe Idirnáisiúnta

Féadfar do shonraí a aistriú chuig eintitis atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch de réir airteagal 7 thuas agus tá na cosaintí thíos i bhfeidhm:

Maoluithe agus/nó Meabhráin Tuisceana idir BEI agus tríú tíortha (Rialachán (AE) 2018/1725), Airteagail 47, 48 agus 50(1)d), e).

9. Cá fhad a choinnímid do chuid sonraí pearsanta?

Ní choinnímid do chuid sonraí ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch a thuairiscítear sa ráiteas seo um chosaint sonraí agus de réir na mbeartas iomchuí. Féadfaidh sé go gcoinneofar do chuid sonraí pearsanta i gcáschomhaid de chuid IG/IN go ceann cúig bliana ar a laghad agus go ceann suas le deich mbliana tar éis dhúnadh an imscrúdaithe. Murar tugadh bunús leis na líomhaintí ábhartha, ní fhéadfar do chuid sonraí pearsanta a choinneáil ach go ceann suas le cúig bliana ar a mhéad tar éis dhúnadh an cháis.

10. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi ar féidir leat iad a fheidhmiú?

Tá do chearta leagtha amach in airteagal 3 go hairteagal 5 de RCS AE.

  • Tá sé de cheart agat deimhniú a fháil ón rialaitheoir maidir le cibé acu atá do chuid sonraí pearsanta á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, má tá, teagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir nó le OCS BEI le rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta (an ceart rochtana);
  • Tá sé de cheart agat a iarraidh ar an rialaitheoir ceartúchán a dhéanamh ar aon sonraí míchruinne agus/nó a iarraidh go ndéanfaí ceartúchán ar shonraí pearsanta neamhiomlána (an ceart go ndéanfaí ceartúcháin);
  • Tá sé de cheart agat a iarraidh ar an rialaitheoir do chuid sonraí pearsanta a léirscriosadh de réir Airteagal 19 de RGCS AE (an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad);
  • Tá sé de cheart agat a iarraidh ar an rialaitheoir srian a chur le próiseáil do chuid sonraí pearsanta sna cásanna seo a leanas (an ceart go gcuirfí srian le próiseáil):
    • (i) má chuireann tú in aghaidh chruinneas do chuid sonraí;
    • (ii) má tá próiseáil na sonraí neamhdhleathach agus má chuireann tú in aghaidh a léirscriosta;
    • (iii) mura dteastaíonn ón rialaitheoir na sonraí pearsanta dá dtagraítear a thuilleadh chun críocha na próiseála ach má theastaíonn uaitse iad le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó
    • (iv) má tá tú tar éis cur in aghaidh phróiseáil do chuid sonraí agus má fhéachann BEI lena fháil amach an bhfuil forais dhlisteanacha aige, mar an rialaitheoir, a ghabhann treis ar do cheart go gcuirfí srian le próiseáil.
  • Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh in aghaidh próiseáil sonraí pearsanta, ar fhorais a bhaineann le do chás áirithe féin, ach amháin má léiríonn BEI forais dhlisteanacha láidre don phróiseáil nó d’éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint;
  • Tá sé de cheart agat do chuid sonraí pearsanta a fháil ó BEI i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín le ligean duit do chuid sonraí a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bac ó BEI (an ceart chun iniomparthacht sonraí);
  • I gcás gurb é do thoiliú an bunús dlíthiúil leis an bpróiseáil, tá sé de cheart agat an toiliú sin a tharraingt siar am ar bith. Ní dhéanfaidh tarraingt siar an toilithe difear do dhlíthiúlacht na próiseála a bhí bunaithe ar an toiliú sular tarraingíodh siar é;
  • I gcás imscrúduithe de chuid BEI, féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag díolúintí agus srianta faoi airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoin gcinneadh ábhartha de chuid BEI. Tá an cinneadh ábhartha de chuid BEI le fáil anseo
  • Tá sé de cheart agat gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (www.edps.europa.eu) am ar bith (an ceart chun gearán a thaisceadh).

11. Déan teagmháil linn

Má bhíonn ceist ar bith agat faoin gcaoi a ndéanaimid do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil, nó más mian leat aon cheann de na cearta thuasluaite a fheidhmiú, déan teagmháil linn: Investigations@eib.org Oifigeach Cosanta Sonraí, an tUasal Pelopidas Donos, tríd an ríomhphost chuig p.donos@eib.org nó tríd an bpost chuig an seoladh seo:

An tUasal Pelopidas Donos, An Banc Eorpach Infheistíochta
98-100 Boulevard Konrad Adenauer, L-2950 Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg)