Tá an stiúrthóireacht freagrach as cúrsaí acmhainní daonna (AD), lena n-áirítear straitéis, rialachas, beartais, agus seirbhísí don fhoireann, do phinsinéirí agus dá gcuid cleithiúnaithe.
Déanann an stiúrthóireacht beartais AD a fhorbairt agus cuireann seirbhísí AD ar fáil. Áirítear lena réimsí gníomhaíochta gnáthchúraimí AD, amhail cúiteamh agus sochar a shainiú agus a riar, chomh maith le hearcú. Agus ról an chomhpháirtí gnó AD á chomhlíonadh aici, tacaíonn sí le teacht chun cinn dearfach na heagraíochta agus cinntíonn forbairt daoine, éagsúlacht, cuimsiú, cumasú agus rannpháirtíocht fhoriomlán na bhfostaithe ag an am céanna. Déanann sí maoirseacht freisin ar réimsí reachtúla, amhail an caidreamh idir an fostóir agus na fostaithe agus soláthar árachais sláinte agus sochar leighis.